Treasa NI Cheannaigh....

Publié le par BIL XOKOA


Dá dtiocfá liomsa go Condae Liatrom',
A phlúirín na mban donn óg,
Do bhéarfainn mil bheach is mead mar bhia dhuit,
A phlúirín na mban donn óg.
Bradáin gheala a thabharfainn aniar chughat,
Fíon agus beoir ann le n-ól ina ndiaidh siúd,
Cead codlata go socair i leaba chlúimh éan dhuit,
A phlúirín na mban donn óg.

Ó do chonaic mé chugam í trí láir a' tsléibhe,
Mar 'bheadh réaltán ins a' gceo,
Is do bhí mé ag caint is ag comhrá léi
Go ndeachamar go páirc na mbó.
Shuíomar síos cois taobh an fháil
Go dtugas-sa di scríofa faoi mo láimh,
Nach raibh aon ní dá n-iarrfadh sí ná triallfainn dh'fháil
Do phlúirín na mban donn óg.

Á, ní rachaidh mise leatsa, 's ní maith dhuit bheith do m'iarraidh,
Dúirt plúirín na mban donn óg.
Mar ná choinneodh do ghlórtha beo gan bia mé,
Dúirt plúirín na mban donn óg.
Míle céad fearr liom bheith choíche gan fhear
Ná bheith 'siúl drúchta na ngleannta leat,
Is go dtug mo chroíse grá agus gean duit,
Arsa phlúirín na mban donn óg.

Publié dans musika talde

Pour être informé des derniers articles, inscrivez vous :
Commenter cet article